In this episode, we delve into the concept of being "qualified" in the workplace, examining who gets labeled as such, who doesn't, and the underlying reasons. We explore "competency checking"—the practice of scrutinizing individuals' abilities—and how it disproportionately affects underrepresented groups, often going unnoticed or unchallenged. Our discussion aims to redefine qualifications in a fair, equitable, and actionable manner. Our guest, Shari Dunn , is an accomplished journalist, former attorney, news anchor, CEO, university professor, and sought-after speaker. She has been recognized as Executive of the Year and a Woman of Influence, with her work appearing in Fortune Magazine, The Wall Street Journal, Ad Age, and more. Her new book, Qualified: How Competency Checking and Race Collide at Work , unpacks what it truly means to be deserving and capable—and why systemic barriers, not personal deficits, are often the real problem. Her insights challenge the narratives that hold so many of us back and offer practical solutions for building a more equitable future. Together, we can build workplaces and communities that don’t just reflect the world we live in, but the one we want to create. A world where being qualified is about recognizing the talent and potential that’s been overlooked for far too long. It’s not just about getting a seat at the table—it’s about building an entirely new table, one designed with space for all of us. Connect with Our Guest Shari Dunn Website& Book - Qualified: https://thesharidunn.com LI: https://www.linkedin.com/today/author/sharidunn TikTok: https://www.tiktok.com/@thesharidunn Related Podcast Episodes: How To Build Emotionally Mature Leaders with Dr. Christie Smith | 272 Holding It Together: Women As America's Safety Net with Jessica Calarco | 215 How To Defy Expectations with Dr. Sunita Sah | 271 Share the Love: If you found this episode insightful, please share it with a friend, tag us on social media, and leave a review on your favorite podcast platform! 🔗 Subscribe & Review: Apple Podcasts | Spotify | Amazon Music…
Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn! Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.
Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn! Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Diarmuid Ó Sé, léachtóir le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. 'Fíon na Spáinne' nó 'Fíon Spáinneach'? Cén difear atá idir 'méid na ndaoine' agus 'an méid daoine'? Na comharthaí bóthair 'maraíonn tuirse' - an bhfuil ciall leo? Céimí de chuid UCD agus UCC is ea Diarmuid Ó Sé. Tá sealanna caite aige mar léachtóir le teangeolaíocht agus leis an Nua-Ghaeilge. Ó Chiarraí Thiar ó dhúchas é. Eisean a scríobh an leabhar téagartha Gaeilge Chorca Dhuibhne, ina bhfuil cur síos cuimsitheach ar Ghaeilge Chorca Dhuibhne. Beidh leagan Béarla de ar fáil go luath. Leis an eagrán seo cuirtear clabhsúr le sraith 1 den phodchraoladh What the Focal!? Ach níl deireadh leis an togra What the Focal!? ná baol air! Coinnígí súil ar chuntais @miseciara don nuacht is déanaí. Míle buíochas libh as éisteacht.…
Scríbhneoir do dhaoine óga agus file í Áine Ní Ghlinn, agus Laureate na nÓg 2020 – 2023. Tá 36 leabhar foilsithe aici, idir fhilíocht, dhrámaí, úrscéalta agus scéalta do dhaoine óga. Cad is brí le 'ceo inchinne'? Ar chuala tú 'Gaelachas' riamh cheana? Cad is brí le 'can I biscuit'? I measc na nduaiseanna atá buaite aici, tá Gradam Reics Carló Leabhar na Bliana buaite aici faoi thrí; Gradam Ficsin, Leabhair Pháistí Éireann & Gradam Leabhar na Bliana, Cumann Litearthachta na hÉireann. Bronnadh Comhaltacht Patrick Kavanagh uirthi i 2019 agus tá go leor duaiseanna filíochta buaite aici ag Seachtain na Scríbhneoirí Lios Tuathail, Féile Filíochta Bhéal na mBuillí agus Oireachtas na Gaeilge.…
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Meidhbhín Ní Úrdail, léachtóir le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath mar a bhfuil sí ina hOllamh agus ina Ceann Ábhair. Cad is brí le 'taoscadh'? An raibh an Tuiseal Gairmeach ag Shakespeare? Cad is 'guta glan' ann, agus an bhfuil siad agat? Ó Ghleann Maghair, Co. Chorcaí, ó dhúchas í Meidhbhín agus tá dlúthcheangal gaoil aici le leithinis Bhéarra. Toghadh í ina ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann i Márta na bliana 2021, an gradam acadúil is airde sa tír seo, as an sárobair scolártha atá curtha i gcrích aici ar son na nDaonnachtaí.…
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Máirín Nic Eoin, scoláire litríochta a chaith na blianta fada ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Cad é an Ghaeilge ar 'wow!'? Cad is brí le deoch a ól 'as a neart'? An féidir leis an gcainteoir dúchais a bheith mícheart? Is mó leabhar atá scríofa ag Máirín Nic Eoin agus bhí sí ina heagarthóir nó ina comheagarthóir ar neart foilseachán, idir cnuasaigh aistí agus eile. Tá sí ina hOllamh Emerita le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ina ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann.…
Cad is brí le 'thug mo chosa uathu'? An bhfuil an ginideach ag dul i léig? An mbíonn 'ainm' baininscneach ar uairibh? San eagrán seo labhraíonn Ciara le Seosamh Ó Murchú - file gradamúil, duine de bhunaitheoirí Raidió na Life, agus fear a chaith blianta fada ar an bhfoireann eagarthóireachta sa Ghúm, áit a raibh sé mar Eagarthóir Sinsearach. Bhí sé ar fhoireann eagarthóireachta an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge leis agus tá sé páirteach sa tionscadal nua foclóireachta ag Foras na Gaeilge faoi stiúir Phádraig Uí Mhianáin.…
San eagrán seo labhraíonn Ciara le hEoin P. Ó Murchú - scríbhneoir, aistritheoir, aisteoir, agus bunaitheoir is eagraí imeachtaí éagsúla idir greann agus amhránaíocht. Tá cainéal iontach YouTube aige - caithigí súil air! Cad is brí le 'shanghai-áil'? An féidir leis an ATM do chuid Gaeilge a fheabhsú? Ar mhaith leat 'muisteais frog' a bheith ort? An gcaitheann Eoin pitseámaí? Scríobh Eoin nótaí daoibh faoi roinnt ceisteanna a ardaíodh san eagrán seo - tinyurl.com/eoinp…
San eagrán seo labhraíonn Ciara le hAoife Ní Ghloinn - Stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil, in Ollscoil Mhá Nuad. Pléann siad: Tábhacht na 'ins, outs, ups and downs' Conas 'Nollaig Shona' agus nathanna mar é a fhreagairt Saibhreas an struchtúir 'is X liom' (is ait liom > sílim go bhfuil sé ait)… agus neart eile! Tá spéis faoi leith Ag Aoife sa teangeolaíocht fheidhmeach – go háirithe sa tástáil teanga, sa teangeolaíocht chorpais, agus i dteagasc agus i bhfoghlaim na gramadaí.…
'Gaolta' nó 'gaolmhar'? Cad is brí le 'moladh fola'? An féidir 'mé' a rá an iomarca? Labhraíonn Ciara leis an Dr. Seaghan Mac an tSionnaigh - aistritheoir agus fear léinn a bhain dochtúireacht amach sa Ghaeilge
San eagrán seo labhraíonn Ciara leis an scríbhneoir agus aistritheoir Antain Mac Lochlainn. An focal é 'scaif'? An bhfuil ciall le 'fear le féasóg'? An ann do Bhéarlachas atá 'Gaelach'? Tráchtaire ar an aistriúchán agus ar chúrsaí cruinnis agus stíle sa Ghaeilge é Antain agus tá sraith leabhar foilsithe aige ar na hábhair sin: In Ord is in Eagar, Cruinneas agus Ó Bhéarla go Gaeilge.…
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Cormac Breathnach, Bainisteoir Thionscadail Fhoclóireachta Fhoras na Gaeilge. Cad is brí le 'neamhchorrabhuaiseach'? Cén fáth go mbíonn an focal 'dúshlán' ag crá na nGael? An ionann 'neamhchaighdeánach' agus mícheart? Foghlaim freagraí na gceisteanna sin, agus faigh spléachadh ar leith ar An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge agus na foclóirí nua atá ar na bacáin.…
플레이어 FM에 오신것을 환영합니다!
플레이어 FM은 웹에서 고품질 팟캐스트를 검색하여 지금 바로 즐길 수 있도록 합니다. 최고의 팟캐스트 앱이며 Android, iPhone 및 웹에서도 작동합니다. 장치 간 구독 동기화를 위해 가입하세요.