Artwork

Conradh na Gaeilge i Londain에서 제공하는 콘텐츠입니다. 에피소드, 그래픽, 팟캐스트 설명을 포함한 모든 팟캐스트 콘텐츠는 Conradh na Gaeilge i Londain 또는 해당 팟캐스트 플랫폼 파트너가 직접 업로드하고 제공합니다. 누군가가 귀하의 허락 없이 귀하의 저작물을 사용하고 있다고 생각되는 경우 여기에 설명된 절차를 따르실 수 있습니다 https://ko.player.fm/legal.
Player FM -팟 캐스트 앱
Player FM 앱으로 오프라인으로 전환하세요!

25 Samhain 2023 (An Clár)

6:10
 
공유
 
Manage episode 385716726 series 2770343
Conradh na Gaeilge i Londain에서 제공하는 콘텐츠입니다. 에피소드, 그래픽, 팟캐스트 설명을 포함한 모든 팟캐스트 콘텐츠는 Conradh na Gaeilge i Londain 또는 해당 팟캐스트 플랫폼 파트너가 직접 업로드하고 제공합니다. 누군가가 귀하의 허락 없이 귀하의 저작물을 사용하고 있다고 생각되는 경우 여기에 설명된 절차를 따르실 수 있습니다 https://ko.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 25ú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tharla ionsaí scine i lár chathair Bhaile Átha Cliath tráthnóna Déardaoin ina sádh agus gortaíodh bean agus triúr páistí óga. Dúirt finnéithe gur ionsaigh fear sna caogaidí na páistí agus an bhean taobh amuigh de Ghaelscoil Choláiste Mhuire ar Chearnóg Parnell Thoir. Throid na daoine a bhí ar an tsráid i gcoinne an fhir agus d’éirigh leo an scian a tharraingt as a lámh agus srian a chur leis sular tháinig na Gardaí. Bhí an fear é féin gortaithe freisin agus tar éis dó a bheith gafa, tógadh go dtí an t-ospidéal é. Tá drochbhail ar chailín óg amháin faoi láthair agus tá an bhean gortaithe go dona chomh maith. Bhain an eachtra an anáil de dhaoine sa chathair agus de pholaiteoirí. Bhí radharcanna gránna sa chathair oíche Dhéardaoin, nuair a thosaigh dronga ceangailte leis an eite dheis ag ionsaí Gardaí. Cuireadh carranna agus busanna trí thine agus scairt na dronga manaí frith-inimirce. Ghabh na Gardaí níos mó ná tríocha duine agus cháin polaiteoirí an foréigean.

Cuireadh sos cogaidh ceithre lá i bhfeidhm in Gaza an tseachtain seo nuair a d'éirigh le hidirghabhálaithe ó Chatar comhaontú a fháil idir Rialtas Iosrael agus Hamas. Scaoilfidh Hamas saor caoga giall atá faoi choinneáil acu in Gaza agus tabharfaidh na hIosraelaigh 150 Palaistíneach atá i ngéibheann ar ais go Gaza. Is cosúil go mbeidh mná agus páistí i gceist ar an dá thaobh. Tá sé ráite go bhfuil timpeall ar 240 giall á gcoinneáil ag Hamas in Gaza ó thús an bhabhta seo den chogadh ar an 7ú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Mharaigh Hamas thart ar 1,200 duine san ionsaí sin ach tá ar a laghad 13,000 Palaistíneach maraithe in Gaza ón lá sin faoi lámh na bhfórsaí Iosraelacha. Beidh súile an domhain mhóir ag féachaint ar Gaza i rith an tsosa seo agus beidh súil acu go mbeidh sos cogaidh níos buaine gan mhoill.

Fuair Geert Wilders agus a pháirtí polaitíochta, an PVV—atá i bhfad amach ar an éite dheis—tríocha seacht suíochán in olltoghchán na hÍsiltíre Dé Céadaoin. Is Eoraisceipteach é Wilders atá i gcoinne na hinimirce agus nach gcreideann san athrú aeráide ach oiread. Agus 37 as 150 suíochán ag a pháirtí, tá seans maith ann go mbeidh Wilders sa chéad rialtas eile san Ísiltír. Bhí ríméad ar pholaiteoirí na heite deise ar fud na hEorpa tar éis an olltoghcháin. Chuir polaiteoirí ar nós Viktor Orban san Ungáir agus Marine Le Pen sa Fhrainc fáilte is fiche roimh na torthaí ach bhí an-imní ar ghrúpaí Ioslamacha sa tír mar gheall ar an Ioslamafóibe a léirigh Wilders le roinnt blianta anuas.

manaí frith-inimirce - anti-immigration slogans

idirghabhálaithe - negotiators

sos cogaidh - ceasefire

Ioslamafóibe - Islamophobia

  continue reading

233 에피소드

Artwork

25 Samhain 2023 (An Clár)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

icon공유
 
모든 에피소드

×
 
Loading …

플레이어 FM에 오신것을 환영합니다!

플레이어 FM은 웹에서 고품질 팟캐스트를 검색하여 지금 바로 즐길 수 있도록 합니다. 최고의 팟캐스트 앱이며 Android, iPhone 및 웹에서도 작동합니다. 장치 간 구독 동기화를 위해 가입하세요.

빠른 참조 가이드