Artwork

Conradh na Gaeilge i Londain에서 제공하는 콘텐츠입니다. 에피소드, 그래픽, 팟캐스트 설명을 포함한 모든 팟캐스트 콘텐츠는 Conradh na Gaeilge i Londain 또는 해당 팟캐스트 플랫폼 파트너가 직접 업로드하고 제공합니다. 누군가가 귀하의 허락 없이 귀하의 저작물을 사용하고 있다고 생각되는 경우 여기에 설명된 절차를 따르실 수 있습니다 https://ko.player.fm/legal.
Player FM -팟 캐스트 앱
Player FM 앱으로 오프라인으로 전환하세요!

14 Deireadh Fómhair 2023 (Maigh Eo)

5:21
 
공유
 
Manage episode 379749898 series 2770343
Conradh na Gaeilge i Londain에서 제공하는 콘텐츠입니다. 에피소드, 그래픽, 팟캐스트 설명을 포함한 모든 팟캐스트 콘텐츠는 Conradh na Gaeilge i Londain 또는 해당 팟캐스트 플랫폼 파트너가 직접 업로드하고 제공합니다. 누군가가 귀하의 허락 없이 귀하의 저작물을 사용하고 있다고 생각되는 경우 여기에 설명된 절차를 따르실 수 있습니다 https://ko.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí gan choinne ar Iosrael maidin Dé Sathairn seo caite, inar mharaigh siad breis agus míle dhá chéad duine, agus é seo á scríobh tráthnóna Dé Céadaoin. Sibhialtaigh ab ea iad an tromlach mór de na mairbh, le roinnt páistí agus seandaoine ina measc, agus níos mó ná dhá chéad seasca duine óg a bhí ag freastal ar fhéile cheoil. Dúirt Fórsaí Cosanta Iosrael gur mharaigh siad níos mó ná míle cúig chéad de na míleataigh Hamas san ionsaí. Mar fhrithbheart, d’fhógair rialtas Iosrael cogadh ar Hamas, agus d’fhógair siad léigear iomlán ar Stráice Gaza. Ghearr siad soláthar de bhia, uisce, leictreachas, leigheas, agus gach ní eile, mar chuid den léigear. Agus é seo á scríobh, bhí níos mó ná míle Palaistíneach maraithe taobh istigh de Gaza sa fhrithionsaí a rinne aerfhórsa Iosrael, agus bhí arm Iosrael ag bailiú taobh amuigh d'halla teorann Gaza, agus iad ag fáil réidh le hionsaí talún.

In Éirinn, fógraíodh Buiséad 2024 Dé Máirt. I measc na mbeart, bunaíodh ciste bonneagair, aeráide agus nádúir, a bhfuil ar intinn ag an rialtas a mhaoiniú go bliantiúil le dhá bhilliún Euro go ceann seacht mbliana. Tá an ciste ann chun infheistiú a dhéanamh ar bhonneagar glas an stáit, agus bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim chomhshaoil, tar éis an Mheán Fómhair is teo riamh ó thús staire ar fud an domhain.

Tá foireann rugbaí na hÉireann ag fáil réidh lena cluiche ceathrú ceannais sa Chorn Domhanda, i gcoinne Lán Dubha na Nua-Shéalainne. Ní dheachaigh aon fhoireann Éireannach níos faide ná an cluiche ceathrú ceannais riamh, acht an babhta seo, tá Éire ar bharr an rangaithe domhanda oifigiúil, tar éis sé bhua dhéag i mórchluichí i ndiaidh a chéile. Níor bhuaigh Éire i gcoinne na Nua-Shéalainne ar chor ar bith go dtí gur thug siad an lá leo i bPáirc an tSaighdiúra i Chicago in 2016; acht ón lá sin, bhuaigh Éire cúig as an ocht gcluiche a imríodh eatarthu. Ina measc, bhí bua i sraith mórchluichí sa Nua-Shéalainn féin. Rachaidh captaen na hÉireann, Johnny Sexton, ar scor ón rugbaí tar éis an chomórtais; agus beidh muintir na hÉireann uilig ag súil go dtreoróidh sé an fhoireann go bua stairiúil anocht i bPáras. Éire abú!

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

frithionsaí, frithbheart - counter-attack, counter-measure

léigear - siege

ciste - fund

bonneagar - infrastructure

rangú domhanda oifigiúil - official world ranking

bua - victory

  continue reading

233 에피소드

Artwork

14 Deireadh Fómhair 2023 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

icon공유
 
모든 에피소드

×
 
Loading …

플레이어 FM에 오신것을 환영합니다!

플레이어 FM은 웹에서 고품질 팟캐스트를 검색하여 지금 바로 즐길 수 있도록 합니다. 최고의 팟캐스트 앱이며 Android, iPhone 및 웹에서도 작동합니다. 장치 간 구독 동기화를 위해 가입하세요.

빠른 참조 가이드