In our second installment of the Small Business Starter Kit series - we’re tackling a topic that’s sometimes tricky, sometimes confusing, but ever-present: taxes. Hosts Austin and Jannese have an insightful conversation with entrepreneur Isabella Rosal who started 7th Sky Ventures , an exporter and distributor of craft spirits, beer, and wine. Having lived and worked in two different countries and started a company in a heavily-regulated field, Isabella is no stranger to navigating the paperwork-laden and jargon-infused maze of properly understanding taxes for a newly formed small business. Join us as she shares her story and provides valuable insight into how to tackle your business’ taxes - so they don’t tackle you. Learn more about how QuickBooks can help you grow your business: QuickBooks.com See omnystudio.com/listener for privacy information.…
Is léachtóir sinsearach cliniciúil síciatrach i gColáiste na Trionóide é an Dr Séamus Ó Ceallaigh. Sa phlé leathan seo ar chúrsaí meabharshláinte, dheineamar scagadh ar an tábhacht a bhaineann le corp folláin, an Stócas, alcól agus na céimeanna le tógaint má tá amhras ar dhuine faoina meabharshláinte féin.…
Amhránaí & múinteoir í Nell a bhíonn ag canadh ag féiltí ar fud an domhain. As Béal Átha’n Ghaorthaidh i Múscraí, bhuaidh sí Corn Uí Riada i 2014 agus tá sí ag spreagadh daoine lena dea-shampla ceolmhar ó shin.
Is cumadaóir, scríbhneoir agus craoltóir é Peadar atá ina chónaí i gCúil Aodha. Stiúraíonn sé Cór Chúil Aodha gach Domhnach agus bíonn a chlár ‘Cuireadh Chun Ceoil’ ar RnaG oíche Dé hAoine. Bainigí taitneamh as an gcomhrá doimhin seo ar an dtábhacht a bhaineann le pobal, an nádúr, spioradáltacht agus cruthaitheacht. http://www.peadaroriada.ie/…
File, scríbhneoir & láithreoir teilifíse í Ciara a chumann filíocht dá-theangach a spreagann machnamh agus féin-fheasacht doimhin. Tá spreagadh sa mhéid atá le rá aici linn agus don glúin atá ag fás aníos.
Múinteoir eolaíochta é Dan atá ag cur faoi i mBéal Átha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí. Roineann sé cuid des na nósanna dearfacha laethúla atá aige maraon leis na luachanna a thugann fuinneamh agus dóchas dó.
An dtógann tú do shláinte dáiríre nó an athsmaoineamh (afterthought) é? An dtarlaíonn do nósanna sláintiúla trí sheans nó d’aon ghno? An cineáltas is fearr gur féidir a leiriú duit féin ná aire a thabhairt dod’ shláinte intinne agus coirp. Nutrition Facts (Michael Greger M.D.)
Tá imní orainn agus níl a fhios againn cad ina thaobh. Táimid buartha faoin méid a tharla inné. Faoin gcruinniú atá againn amárach. Faoin aimsir don deireadh seachtaine. Nuair a bhímid gafa le tuairimí nó buairt nó ábhair mhóra an tsaoil, bímid in áit éigin eile - san aimsir chaite nó sa todhchaí. Ach, ní bhímid 'anseo.' 'Anseo' ar Spreagadh…
Is as Cúil Aodha do Liadh Ní Riada agus is Oifigeach Pleanála Teanga Mhúscraí faoi láthair í. Tá sí pósta le Nicky agus tá triúr clainne acu. Is iar-fheisire Eorpach í agus tá dearcadh an-dearach aici ar na dúshláin a chuirtear ina treo agus na constaic a bhíonn sa tslí orainn sa saol. Comhrá luachmhar, spreagúil. Bainigí taitneamh as!…
Tarlaíonn fulaingt nuair a cheapann tú gur chóir go mbeadh rud amháin agat agus faigheann tú rud eile, níos measa, ina ionad. Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár dtuismitheoirí, ach ní féidir. Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár gcairde, ach ní féidir. Ba chóir go mbeimis in ann freastal ar an scoil, an ollscoil, ar obair, ach ní féidir. Faightear fulaingt sa spás idir ionchas (expectation) agus réaltacht (reality). Tá réiteach ar an bhfulaingt san aigne. Tá an réiteach agat féin.…
Léiríonn an taighde go mbíonn daoine sásta agus sona má chaomhnaíonn siad cairdeas go fadtéarmach. Tá tábhacht faoi leith leis an gcairdeas idirphearsanta anois agus sinn scartha amach óna chéile. Ach, is feidir linn teagmháil a dhéanamh lena chéile. Is feidir linn cairdeas a chaomhnú. Agus a bheith sona. Spreagadh Taighde Harvard Lost Connections - Johann Hari…
Is craoltóir aitheanta teilifíse agus raidió é Páidí. Sa chomhrá seo, labhraíonn sé faoin bhfuinneamh a fhaigheann sé ó bheith ag déileáil le daoine, na nósanna laethúla atá aige ar nós snámh farraige agus an oidhreacht a thug sé leis ón dteaghlach i gCúil Aodha.
Is Príomhoide iar-bhunacoile é Toirdealbhach Ó Lionáird i gColáiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí. Is scríbhneoir, léitheoir, taighdeoir agus oideachasóir é. Pléitear an tábhacht atá le rithim an lae, nascadh le daoine, luachanna pearsanta a aithint agus a bheith macánta leat féin. Bíonn cúpla gáire againn chomh maith! Bainigí taitneamh as.…